Galette Ruáin le Spionáiste agus Harissa - Buckwheat Galette with Spinach and Harissa
Galette lus na gcearc le spíonáiste, sicphiseánaigh i dtahini, harissa agus rós le huachtar líomóide
Lón éadrom - Do cheathrar
Buckwheat galette with spinach, chickpea in tahini, harissa and rose with lemon cream
Serves 4 as a light lunch
Galette
200g plúr lus na gcearc
500ml uisce súilíneach
Salann de réir mar is mian leat
Ola don fhriochtán
Galette
200g buckwheat flour
500ml sparkling water
Salt to taste
Oil for frying
Líonadh
Beagáinín ola
Spbh lán spíosra nó taos harissa
1 duilleog labhrais
Ionga gairleoige, mionaithe
Canna sicphiseánach
50g purée trátaí
25g sabhdánaigh
Spbh lán tahini
Spbh lán capras
Cúpla braon rósuisce
Ola seasamain
100g spíonáiste nite
Filling
A little oil
Heaped tbsp harissa spice or paste
1 bay leaf
Clove minced garlic
Tin of chickpeas
50g tomato puree
25g sultanas
Heaped tbsp of tahini
Heaped tbsp capers
Few drops rosewater
Sesame oil
100g washed spinach
Le cur chun boird
3 spbh iógart soighe Gréigeach
1 spbh maonáis veigeanach
Sú líomóide amháin
To serve
3 tablespoons of Greek style soy yogurt
1 tbsp vegan mayo
Juice of 1 lemon
Modh
Method
Déan an fuidreamh ar dtús: criathraigh an plúr agus an salann isteach i mias, measc leis an t-uisce súilíneach le greadtóir, agus fág ar leataobh é ar feadh 20 nóiméad ar a laghad.
Firstly, make the batter, sift the flour and salt into a bowl and whisk in the sparkling water, combine and leave to sit for at least 20 minutes before use.
Réitigh an líonadh agus an fuidreamh ag fanacht. Téigh beagáinín ola i bhfriochtán ar mheánteas agus cuir isteach an ghairleog mhionaithe, an taos nó an púdar harissa agus an duilleog labhrais. Measc go sciobtha iad ar feadh cúpla soicind leis an dea-bholadh a scaoileadh amach. Ansin cuir isteach sa bhfriochtán na sicphiseánaigh chomh maith leis an leacht ón gcanna [oibríonn an aquafaba mar chineál d’eiblitheoir] agus ansin an purée trátaí agus na sabhdánaigh. Ísligh an teas agus fág á chócaireacht é ar feadh thart ar 2 nóiméad. Ansin cuir isteach an tahini, na caprais, an rósuisce agus an t-ola seasamain. Múch an teas agus fág an friochtán ar leataobh, clúdaithe le claibín.
While the batter rests make the filling, heat a little oil in a pan over a medium high heat and add the minced garlic along with the harissa paste or powder and the bay, stir briskly for a moment to release the aromas. Then add the chickpeas including the liquid in the tin [this aquafaba works as an emulsifier of sorts] followed by the tomato puree and the sultanas. Lower the heat and leave this to cook out for about 2 minutes before adding the tahini, capers, rosewater and sesame oil. Turn off the heat and set aside with a lid to cover.
Téigh beagáinín ola i bhfriochtán crepe réamhthéite. Cuir isteach beagáinín den fhuidreamh, suaith thart é leis an bhfriochtán a chlúdach agus déan é a chócaireacht ar mheánteas go bhfeice tú bolgáin bheaga. Ansin, iompaigh an crepe go cúramach agus cócaráil an taobh eile ar feadh nóiméad eile nó mar sin, ansin fág ar phláta é. Déan an rud céanna leis na galettes ar fad, is féidir iad a choinneáil te san oigheann ar theas íseal. B’fhéidir go mbeidh níos mó galettes agat ná a theastaíonn uait ach is iondúil nach dtagann an chéad cheann amach go maith - íosfaidh tú an dara nó an tríú ceann is dóigh.
Heat a little oil on a pre heated crepe pan and pour in a little crepe batter, swirling to coat, cook over a medium high heat until bubbles appear, flip the crepe carefully and cook the other side for a further minute or so and slide it off onto a plate. Repeat with the remaining crepes, you can keep them warm in a low oven. You will probably end up with a few more crepes than you need but the first one is usually a mess and the second or third one you will probably eat.
Téigh arís an meascán sicphiseánach agus cuir leis an spionáiste le sleabhacadh agus beagáinín blastanas. Chun an t-uachtar líomóide a réiteach níl le déanamh ach na comhábhair ar fad a mheascadh le chéile. Le cur chun boird, cuir galette ar phláta agus cuir ¼ den mheascán isteach sa lár, tarraing isteach na taobhanna le cearnóg oscailte a dhéanamh agus cuir an t-uachtar líomóide ar a bharr.
Reheat the chickpea mixture and fold in the spinach allowing it to wilt along with a little seasoning. To make the lemon cream simply combine all the ingredients. To serve lay a crepe on a plate and place a ¼ of the mixture in the centre, draw in the outsides to make an open square and serve with the lemon cream
Смотрите видео Planda go Pláta | Galette Ruáin le Spionáiste & Harissa (Buckwheat Galette with Spinach & Harissa) онлайн без регистрации, длительностью часов минут секунд в хорошем качестве. Это видео добавил пользователь TG4 08 Февраль 2024, не забудьте поделиться им ссылкой с друзьями и знакомыми, на нашем сайте его посмотрели 23 раз и оно понравилось 1 людям.